Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.
Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile.
Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.