Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 36:8

An Bíobla Naofa 1981

Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Rinne sé dhá cheiribín d'adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde.

Thóg Dáiví tithe dó féin i gcathair Dháiví agus d'ullmhaigh sé áit d'áirc an Tiarna, agus thóg both di.

Ansin chuaigh Solamh, agus an comhthionól go léir in éineacht leis, go dtí an t‑ardionad i nGibeón, mar a raibh Both Theagmhála Dé a rinne Maois, giolla Dé, san fhásach.

Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór.

Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.

Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”

Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó - Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit:

Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail,

Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:

Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.

Bhuaileadar an t‑ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí