A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh.
agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,
Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,