Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 36:2

An Bíobla Naofa 1981

Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Seo agat ranna uile na sagart agus na Léivíteach do dhualgais theach Dé go léir. Gach duine a bhfuil fonn air agus cumas d'aon saghas ann, cabhróidh sé leat san obair seo go léir. Tá na hoifigigh agus an pobal ar fad ar do chomhairle go hiomlán.”

Cibé ór atá agaibh, agus cibé airgead atá agaibh, nó cibé saothar ó láimh an cheardaí atá agaibh, cé acu agaibh a dhéanfaidh é a thógáil ina láimh agus a thíolacadh go deonach don Tiarna?”

“Abair le clann Iosrael ofráil a chur i leataobh dom; glacfaidh sibh síntiús dom ó gach duine a ndeir a chroí leis é a thabhairt.

Féach chuige go ndéanfaidh tú iad ar an bpatrún a taispeánadh duit ar an sliabh. ”

Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht.

Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó - Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit:

Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:

Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é.

“Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d'ordaigh an Tiarna.”

agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,

Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.

Agus abraigí é seo le hAirchipeas: “Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.”

Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí