Cheangail sé cúig bhrat le chéile leo féin, agus na sé cinn eile leo féin.
Bhí gach brat tríocha banlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead; bhí gach brat den aon mhiosúr.
Chuir sé leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an gcéad sraith díobh, agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an tsraith eile.