Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 36:10

An Bíobla Naofa 1981

Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean.

Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Féach! nach maith agus nach aoibhinn é go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.

Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile.

Chuir sé lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh, agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.

Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.

“Is ea, tabharfaidh mé ansin beola glana do na ciníocha chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna, agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.

Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair.

Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.

Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin.

Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh.

agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.

cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne.

An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibhse faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí