Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh:
Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í.
Ansin tháinig clann Iosrael go léir ina chóngar agus thug sé dóibh na horduithe go léir a thug an Tiarna dó ina chaint leis ar Shliabh Shíonái.
Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.
Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.