Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).
Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d'ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.
Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht, ach ní dhearnadar sin arís.