Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 34:4

An Bíobla Naofa 1981

Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Agus thuirling an Tiarna ar Shliabh Shíonái, ar mhullach an tsléibhe. Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois go mullach an tsléibhe agus suas le Maois.

Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:

Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu.

“San am sin dúirt an Tiarna liom: ‘Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid.

Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí