Ansin tháinig clann Iosrael go léir ina chóngar agus thug sé dóibh na horduithe go léir a thug an Tiarna dó ina chaint leis ar Shliabh Shíonái.
Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”
“Seo iad na cinnte a chuirfidh tú rompu:
Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”
Ghair Maois chuige iad agus tháinig Árón agus ceannairí an chomhthionóil ar ais chuige agus labhair Maois leo.
Nuair a bhí deireadh ráite ag Maois leo, chuir sé brat ar a aghaidh.
Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh:
Cuirfidh an rud seo m'aitheanta go léir i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad agus bígí coisricthe do bhur nDia.
ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”
Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán
Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;