Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 34:29

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a tháinig Maois anuas ó Shliabh Shíonái - agus é ag teacht anuas bhí dhá leac na Fianaise ina láimh - ní raibh a fhios ag Maois go raibh loinnir ón gcneas ar a aghaidh mar go raibh sé ag caint leis an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t‑arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.

Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.

D'fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n‑aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl.

Agus d'fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis.

Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe.

Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d'éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas.

Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad mar bhí a súile trom; agus ní raibh a fhios acu cén freagra a thabharfaidís air.

mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu.

Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”

Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach.

Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit.

Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige.

D'fhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t‑ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’ ”

Bhí a raibh ina suí sa tsainidrín ag faire go dlúth ar Stiofán agus thug siad faoi deara go raibh a ghnúis mar bheadh gnúis aingil.

Ní ionann dúinne agus do Mhaois a chuireadh púicín ar a cheann ar shlí nach mbeadh clann Iosrael ag stánadh ar an loinnir neamhbhuan úd ag tréigean.

D'fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dom.

Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh

Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.

Bhí seacht réalta aige ina dheasláimh, agus óna bhéal ghluais claíomh géar dhá fhaobhar, agus bhí a cheannaithe ar dhealramh na gréine faoi lántaitneamh.

Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,

Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí