Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”
Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.
Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”
Dúirt [an Tiarna]: “Féach! táim ar tí conradh a dhéanamh. Déanfaidh mé, i láthair do phobail go léir, iontais nach ndearnadh a leithéid riamh in aon tír ná in aon náisiún. An mhuintir go léir a bhfuil tú ina measc, feicfidh siad obair an Tiarna, óir is uaimhneach é a ndéanfaidh mé tríot.