na ciníocha úd faoina ndúirt an Tiarna le clann Iosrael: ‘Na téigí chucu agus ná tagadh siadsan chugaibh, nó is cinnte go n‑iompóidh siad bhur gcroí chun a ndéithe féin.” Ach bhí cion as cuimse ag Solamh orthu.
Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d'adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin.
ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil.
d'fhonn nach múinfidís daoibh na nósanna gráiniúla atá acu á gcleachtadh i seirbhís a ndéithe a leanúint agus peaca a dhéanamh mar sin in aghaidh an Tiarna bhur nDia.
Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.
agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.
Agus dúirt mé libh: “Mise an Tiarna bhur nDia; ná tugaigí ómós do dhéithe na nAmórach, a bhfuil sibh ag cur fúibh ina gcríocha.” Ach níor thug sibh aird ar mo ghlór.” ’
Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.