Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d'éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth.
Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.
Dhruideadar amach dá bhrí sin ó chóngar áitreabh Chorach. Bhí Dátán agus Aibíorám tagtha amach agus iad ina seasamh i mbéal a mbothanna, agus a mná agus a mic agus a leanaí beaga in éineacht leo.