Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le clann Iosrael: ‘Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d'ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!’ ”
Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.
Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.