“An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m'athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: ‘Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo’; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.
agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”
Dúirt Maois leis an Tiarna: “Féach, deir tú liom: ‘Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,’ ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: ‘Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.’
Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.
Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”
Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.
Scriosfaidh an Tiarna do Dhia na ciníocha seo romhat de réir a chéile. Ní rithfidh leat iad a scrios d'aon iarracht le heagla go n‑éireodh na hainmhithe allta rólíonmhar duit.
Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.
Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.