Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 32:35

An Bíobla Naofa 1981

Agus sheol an Tiarna plá ar an bpobal de bharr an lao, a rinne Árón, a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám.

Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”

Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -

Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd.

Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”

Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin.

Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.

agus rinne siad íomhá lao sna laethanta sin agus d'ofráil íobairt don íol agus rinne siad aoibhneas as saothar a lámh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí