Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 32:32

An Bíobla Naofa 1981

Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh...! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.”

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Chonaic do shúile mo ghníomhartha; óir scríobhadh iad uile i do leabhar; agus cinneadh dom mo laethanta go léir, sular tháinig ceann amháin acu ann.

[Cúitigh] a n‑urchóid leo, a Dhia, déan na ciníocha a chloí i do chuthach.

Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide, agus nár thaga siad choíche chun d'fhíréantachta.

Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”

An dream a mhairfidh de Shíón, fuíoll áir Iarúsailéim tabharfar naoimh orthu uile agus clárófar ar rolla na beatha iad in Iarúsailéim.

Sínfidh mé mo lámh i gcoinne fáithe na bhfíseanna baotha agus na dtairngreachtaí bréige. Ní bheidh áit acu ar ardchomhairle mo phobail, ní chlárófar iad ar rolla mhuintir Iosrael, ní leagfaidh siad cos ar thalamh Iosrael, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna Dia.

Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise: “A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?”

Labhraíodh lucht adhartha an Tiarna le chéile ar an gcuma sin agus d'éist an Tiarna leo go hairdeallach. Ansin scríobhadh leabhar meabhráin os a chomhair ar son na ndaoine a thugann ómós dó agus a bhfuil ardmheas acu ar a ainm.

“Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.

Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”

Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht, ach ní dhearnadar sin arís.

Ó lánmhaire do bhuanghra dá bhrí sin, maith peaca an phobail seo, faoi mar atá maite agat don phobal seo ón Éigipt go dtí seo.”

Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n‑ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”

Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.

Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne.

Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de.

ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.

Lig dom iad a mhilleadh, agus a n‑ainm a scrios ó faoi neamh, agus náisiún is treise agus is mó ná iad a dhéanamh díot.’

agus iarraim ortsa, a pháirtí dhil, lámh chúnta a thabhairt dóibh mar gur sheas siad gualainn ar ghualainn liomsa ag cosaint an dea-scéil, mar aon le Cléimins agus leis na cúntóirí eile agam a bhfuil a n‑ainmneacha scríofa i leabhar na beatha.

“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.

Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.

Má thógann aon duine aon chuid de bhriathra leabhar na fáistine seo; tógfaidh Dia chun siúil a chuidsean de chrann na beatha agus den chathair naofa, a bhfuil cur síos orthu sa leabhar seo.

An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m'athar agus os comhair a aingeal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí