Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”
Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán agus meánn siad airgead ar an ainsiléad. Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!
- airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír - obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir; saothar ceardaí éigin iad go huile; gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.