Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 32:29

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt Maois: “Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt sé leis na Léivítigh a raibh a n‑eagna ar fáil d'Iosrael go léir agus a bhí coisricthe don Tiarna: “Cuirigí an áirc naofa sa Teampall a thóg Solamh mac Dháiví, rí Iosrael. Ní gá daoibh í a iompar ar bhur nguaillí a thuilleadh. Tugaigí seirbhís anois don Tiarna bhur nDia agus dá phobal Iosrael.

Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd.

Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: “Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b'fhéidir go n‑éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.”

An ceart is an chóir a dhéanamh, is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.

Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.

“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí