Agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.’ ”
Agus dúirt Maois: “Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.”
Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: “Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!”
Maidir leis na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh as sealúchas chlann Iosrael, ón muintir ag a bhfuil breis tugaigí breis, agus ón muintir ag a bhfuil níos lú, tugaigí níos lú. Tugadh gach duine cathracha dá chuid do na Léivítigh de réir méid na hoidhreachta a fuair sé féin.”
Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.