Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 32:14

An Bíobla Naofa 1981

Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine ar an talamh agus ghoill sé air ó chroí.

Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.

Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.

Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin, murach Maois, an té a roghnaigh sé a dhul roimhe sa bhearna d'fhonn a fhearg a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.

Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh. Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,

Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.”

ach má fhilleann an cine sin, ar ar thug mé daorbhreith, óna n‑oilc, ansin tagann malairt intinne chugamsa i dtaobh an oilc a bhí ceaptha agam dóibh.

Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.

“Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d'iarr siad fabhar air go mb'aithreach leis an t‑olc a bhí fógraithe aige ina n‑aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n‑anamacha?”

agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.” Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t‑olc.

Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna; “Ní thitfidh sé seo amach,” a dúirt an Tiarna.

Agus ghlac an Tiarna trua; “Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,” a dúirt an Tiarna.

Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.

Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.

Ansin dúirt an Tiarna: “Maithim dóibh mar a iarrann tú.

“D'fhan mise ar an sliabh, dála na huaire eile, daichead lá agus daichead oíche. Agus d'éist an Tiarna arís le mo ghuí agus níorbh áil leis thú a mhilleadh.

“Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn “agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”

(Óir tabharfaidh an Tiarna breith i bhfabhar a phobail, agus beidh trua aige dá shearbhóntaí.) Óir feicfidh sé gur thréig a gcumhacht, agus nach bhfuil aon duine fágtha, daor ná saor.

Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n‑uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.

“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus d'fhág mo lorg, agus rinne faillí i m'orduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí