Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 31:1

An Bíobla Naofa 1981

“Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh:

Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:

Agus dúirt Maois le clann Iosrael: “Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá.

“Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d'ordaigh an Tiarna.”

Rinne Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí