Agus idir dhá sholas tráthnóna nuair a chuirfidh Árón na lampaí suas ar ais, loiscfidh sé arís í; ní foláir na hofrálacha túise seo a loscadh i láthair an Tiarna ó ghlúin go glúin go brách.
chuireadar in aghaidh Uiziá rí agus dúradar leis: “Ní hé do ghnósa, a Uiziá, túis a dhó don Tiarna, ach gnó na sagart, clann Árón, daoine atá coisricthe ina chomhairsean. Fág an sanctóir! Rinne tú feall; an ghlóir a thagann ón Tiarna, Dia, ní leat a thuilleadh í.”
Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”
Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?
Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.
Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m'altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d'athar a thug mé m'íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.