Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n‑iomprófar í.
Déanfaidh tú ceithre fháinne óir a theilgean, agus cuirfidh tú faoina ceithre cosa iad - dhá fháinne ar thaobh agus dhá fháinne ar thaobh eile.
Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.
Ní foláir na fáinní a bheith i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.
Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór.
Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe.
cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar.
Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.
Déanfaidh tú na cuaillí d'adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór.