Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 30:30

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg - a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge.

Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht.

Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d'fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.

Déanfaidh tú iad a choisreacan d'fhonn go mbeidís sárnaofa; aon ní a bhaineann leo, beidh sé naofa.

Déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘Beidh sé seo agaibh mar chriosma naofa liom ó ghlúin go glúin.

agus déan iad a ungadh dála a n‑athar, d'fhonn go ndéanfaidís fónamh dom mar shagairt. An t‑ungadh seo a dhéanfaidh tú orthu, bronnfaidh sé sagartacht shíoraí orthu ó ghlúin go glúin.”

Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.

Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh.

Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.

Sin iad ainmneacha chlann Árón, na sagairt ungtha a d'oirnigh sé le fónamh i mbun dualgais na sagartachta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí