Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 30:3

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.

Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór).

D'fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha.

Cumhdaigh í d'ór fíre lasmuigh agus laistigh, agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall uirthi.

Cumhdóidh tú é le hór fíre agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall air.

Beidh sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead - comhfhad, comhleithead, is é sin - agus dhá bhanláimh ar airde; beidh a beanna d'aon phíosa léi.

Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n‑iomprófar í.

Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí