Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 30:22

An Bíobla Naofa 1981

Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois:

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.”

“Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin - dhá chéad go leith, is é sin - de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh,

altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth;

Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir.

an altóir óir, an criosma, an túis chumhra, agus an scáthlán do dhoras na botha;

“Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí