Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.
Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”
“Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann,
Rinne sé altóir an uileloiscthe d'adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde.