Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 30:15

An Bíobla Naofa 1981

Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d'fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?”

Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.

“Nuair a dhéanfaidh tú daonaireamh ar chlann Iosrael agus iad a chlárú, íocfaidh gach duine éiric fuascailte ar a shon féin leis an Tiarna chun nach mbeadh aon phlá ina measc nuair a ríomhfaidh tú iad.

Gach duine a ríomhtar sa daonáireamh, atá fiche bliain nó breis, caithfidh sé an tsuim a íoc leis an Tiarna.

Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”

fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.

Casann an saibhir ar an daibhir; sé an Tiarna a rinne iad go léir.

Tabharfaidh muintir uile na tíre an ofráil seo do phrionsa Iosrael.

Óir san fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son bhur n‑anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh ar son an anama.

Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar - slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga - chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.”

Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile

Agus cúiteofar an éagóir le fear déanta na héagóra chomh maith céanna mar níl aon leatrom [ag baint le Dia].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí