Eaxodus 3:8An Bíobla Naofa 1981Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach. Féach an chaibidil |
Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.