Ansin dúirt an Tiarna: “Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta.
Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: “Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.
Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.
Ghabh Léá gin agus rug sí mac agus thug sí Reúbaen mar ainm air, “Mar,” a dúirt sí, “d'fhéach an Tiarna ar mo léan, agus beidh grá ag m'fhear dom anois.”
Ansin dúirt sé: ‘Ardaigh do shúile agus féach: na fireannaigh go léir atá ag reitheadh baineannach an tréada, táid ballach, breac, nó riabhach óir chonaic mé a bhfuil á dhéanamh ag Lábán ort.
Mura mbeadh Dia m'athar, agus Dia Abrahám, agus Gaol Íosác a bheith ar mo thaobh, bhíos curtha chun siúil beo bocht agat. D'fhéach Dia ar mo thuirse agus ar shaothar mo lámh agus thug sé breith ort aréir.”
“Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.
Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.”
ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d'fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d'iompair iad sna laethanta sin uile anallód.
Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.
Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa - tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.
“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”