Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 3:4

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: “A Mhaois, a Mhaois!” “Anseo dom,” ar sé.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.

Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.”

Ansin dhúisigh Iacób as a chodladh agus dúirt: “Tá an Tiarna san áit seo, tá sin, agus ní raibh a fhios agam é.”

Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: “A Iacóib, a Iacóib!” “Anseo dom,” ar sé.

Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht ná bhur maíomh san fhoghail. Má dhéantar bhur maoin a mhéadú ná santaigí in bhur gcroí í.

Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:

Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d'fhéach sé agus b'shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.

Dúirt Maois leis an Tiarna: “Féach, deir tú liom: ‘Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,’ ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: ‘Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.’

agus chuir sé a lámh amach agus rug uirthi agus rinneadh slat arís di ina láimh - “i dtreo go gcreidfidís go ndearna an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, é féin a thaispeáint duit.”

Ghlaoigh an Tiarna ar Mhaois agus labhair leis ó Bhoth na Teagmhála á rá:

Agus labhair an guth leis: “Éirigh, a Pheadair, maraigh rud éigin agus ith.”

Lá amháin timpeall a trí a chlog tráthnóna chonaic sé go soiléir in aisling aingeal Dé ag teacht chuige agus ag rá: “A Choirnéilias.”

Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?”

le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann, le gean an té a lonnaigh sa Tor. Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef, an té a coisriceadh i measc a bhráithre.

Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!” D'fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”

Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D'fhreagair seisean: “Seo anseo mé,”

Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”

Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí