Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 3:21

An Bíobla Naofa 1981

Agus cuirfidh mé an pobal seo faoi dhea-mheas i measc na nÉigipteach i dtreo nach folamh a bheidh sibh ag imeacht daoibh nuair a imeoidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine.

Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.

tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh (agus éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo).

A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.

Sheol sé amach iad le hór is le hairgead, gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.

agus fuair sé trócaire dóibh ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.

Labhair anois i gcomhchlos an phobail á rá leo go n‑iarrfadh gach fear ar a chomharsa, agus gach bean ar a comharsa-sa, seoda airgid agus óir.”

Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail.

Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.

Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.

Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.

agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.

Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí