Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 3:20

An Bíobla Naofa 1981

Sínfidh mé mo lámh ámh agus buailfidh mé an Éigipt leis na hiontais a dhéanfaidh mé inti. Ansin scaoilfidh sé libh.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine.

Rinne tú éachtaí agus míorúiltí in aghaidh Fhorainn, In aghaidh a shearbhóntaí go léir agus mhuintir uile a thíre; Óir bhí a fhios agat a theanntásaí a bhí siad leo. Thuill tú cáil duit féin a mhaireann fós inniu.

D'oibrigh siad a chomharthaí ina measc, agus a iontais i bhfearann Hám.

Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d'imigh siad óir bhí uamhan agus eagla orthu rompu.

a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám, agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh.

Bhácáladar builíní den taos slim a thugadar leo as an Éigipt; bhí an taos gan ghabháile mar gur tiomáineadh as an Éigipt iad agus gan d'uain acu fanacht, agus gan lón bóthair a sholáthar dóibh féin.

Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.

Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.

Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?

Is glórmhar cumhacht í do dheaslámh, a Thiarna; rinne do dheaslámh, a Thiarna, smidiríní den namhaid.

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.

Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”

Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.

Oir b'fhéidir dom mo lámh a shíneadh agus tusa agus do mhuintir a bhualadh le plá agus tú a scrios de dhroim na talún.

Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - is mise go deimhin a bheidh ina rí oraibh le láimh láidir agus géag sínte agus taom feirge.

[Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.

Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.

Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.

agus thaispeáin an Tiarna comharthaí agus iontais mhóra uafara in aghaidh na hÉigipte agus Fhorainn agus a theaghlaigh go léir os comhair ár súl.

chuir an Tiarna fáidh go clann Iosrael, agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Sheol mé aníos ón Éigipt sibh, agus thug mé amach as teach na daoirse sibh;

Ansin ghabh sé seanóirí na cathrach, agus fuair sé deilgneach fásaigh agus sceacha agus [stoll] sé muintir Shucót leo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí