Eaxodus 3:17An Bíobla Naofa 1981agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’ Féach an chaibidil |
Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.