Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.
Dúirt Maois leis an Tiarna: “Féach, deir tú liom: ‘Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,’ ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: ‘Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.’
Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.”
Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
Tá drochíde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa - tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé á bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain;
ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós domsa san áit seo.’
Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.