Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d'fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.
Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;
“An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh.
Ná gabhadh sé amach ón áit bheannaithe agus ná truaillíodh sé sanctóir a Dhé; óir iompraíonn sé coisreacan a Dhé air féin, an coisreacan a rinneadh air le hola. Mise an Tiarna.
agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.