Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 29:31

An Bíobla Naofa 1981

“Déanfaidh tú reithe an insealbhaithe a ghlacadh chugat agus a fheoil a bhruith in áit naofa;

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”

agus íosfaidh Árón agus a mhic feoil an reithe agus an t‑arán sa chliabh ag doras Bhoth na Teagmhála.

Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.

Ansin thug sé an reithe eile i láthair, d'íobairt an insealbhaithe. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.

Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: “Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d'ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é!

agus ba chuma leo faoi chearta an tsagairt i leith a phobail. Nuair a d'ofráladh duine íobairt, thagadh giolla an tsagairt agus an fheoil á bruith; bhíodh forc trí bheann ina láimh

Thagadh giolla an tsagairt aníos fiú sula mbeadh an tsaill dóite agus deireadh leis an té a bhíodh ag déanamh na híobartha: “Tabhair feoil don sagart le róstadh; ní thógfaidh sé feoil bhruite uait, ach feoil amh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí