agus arán slim, builíní gan ghabháile agus iad fuinte le hola, agus abhlanna gan ghabháile agus ola leata orthu. De phlúr mín cruithneachta a dhéanfaidh tú iad.
“Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.
As an gcliabh slimaráin a bhí leagtha os comhair an Tiarna, thóg sé builín slim agus builín aráin fuinte le hola, agus cáca. Leag sé iadsan ar an tsaill agus ar an gceathrú dheas,
Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: “Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d'ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é!
Ofráladh an naizíreach an íobairt chomaoineach leis an reithe agus leis an slimarán sa chliabh, agus ofráladh an sagart an abhlann agus an íobairt dhoirte mar an gcéanna.