Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 29:26

An Bíobla Naofa 1981

“Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Bhí Maois agus Árón ar líon a shagart. Bhí Samúéil orthu siúd a ghaireadh ar a ainm. Ghairidís ar an Tiarna agus d'éisteadh sé leo.

Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d'Árón agus dá mhic an méid sin.

Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.

Tugadh sé ofráil dhóite an Tiarna, an tsaill ar an mbrollach is é sin, ina lámha féin. Tugadh sé í sin agus an brollach féin chomh maith, d'fhonn an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna.

Ní foláir don sagart an tsaill a dhó ar an altóir, ach bíodh an brollach ag Árón agus ag a chlann mhac.

An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”

Ansin thóg Maois an brollach agus rinne é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Bhí an chuid sin de reithe an insealbhaithe ag Maois, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí