agus arán slim, builíní gan ghabháile agus iad fuinte le hola, agus abhlanna gan ghabháile agus ola leata orthu. De phlúr mín cruithneachta a dhéanfaidh tú iad.
Má tá sí á hofráil le híobairt bhuíochais, ofráladh sé mar aon léi builíní slimaráin fuinte le hola, cácaí slime le hola leata orthu, agus cístí de phlúr mín fuinte go maith le hola.
“Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.
As an gcliabh slimaráin a bhí leagtha os comhair an Tiarna, thóg sé builín slim agus builín aráin fuinte le hola, agus cáca. Leag sé iadsan ar an tsaill agus ar an gceathrú dheas,
agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo.
Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh.
Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha.