Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 29:11

An Bíobla Naofa 1981

agus maróidh tú an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála,

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

“Ansin tabharfaidh tú an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála. Leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an tairbh,

agus tógfaidh tú cuid d'fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra.

Béarfaidh tú Árón agus a mhac leat go doras Bhoth na Teagmhála agus nífidh tú iad le huisce.

Maraíodh sé an t‑uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.

Tugadh sé an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; leagadh sé a lámh ar cheann an tairbh agus maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna.

Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.

Mharaigh Árón an t‑íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.

Chuaigh Árón chun na haltóra agus mharaigh sé an lao mar íobairt ar son a pheaca féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí