Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.
Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d'fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.
Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.
Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
“Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,” ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe.
“Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.