Ar a fáithim íochtair cuirfidh tú maisiú de phomagránaití, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag ar fháithim na fallainge timpeall, agus cloigíní óir eatarthu.
Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás.”
Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.
ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;