Cuirfidh tú an dá shlabhra d'ór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí.
Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile.
Rinne sé pomagránaití chomh maith, dhá shraith díobh timpeall gach fíolagráin,
agus dhá shlabhra d'ór fíre, fite mar chorda, agus ceanglóidh tú na slabhraí fite do na cumhdaigh.”
Déanfaidh tú dhá fháinne óir don lúireach agus iad a ghreamú dá dhá chúinne uachtaracha.
Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fiolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.