Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 28:17

An Bíobla Naofa 1981

Leagfaidh tú ceithre shraith cloch inti: sard, tópas agus carmhogal sa chéad sraith;

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.

Beidh sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.

smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;

Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;

Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.

Is luachmhaire í na péarlaí, níl ní a shantófá is inchurtha léi.

Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil? Is luachmhaire í ná péarlaí.

Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.

Ba ghile a flatha ná an sneachta; ba bháine iad ná bainne; ba dheirge corp iad ná an coiréal agus ba chosúil le saifír a gcló.

bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.

“Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí