Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 27:8

An Bíobla Naofa 1981

Déanfaidh tú an altóir de chláir, agus í folamh laistigh. Dé réir mar a taispeánadh duit ar an sliabh is ea a dhéanfaidh tú í.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;

bhí sé sin go léir de réir mar a bhí scríofa ag an Tiarna faoi lena láimh féin d'fhonn go ndéanfadh sé an obair go léir dár thug sé na pleananna soiléir.

Féach chuige go ndéanfaidh tú iad ar an bpatrún a taispeánadh duit ar an sliabh. ”

Ag déanamh an taibearnacail agus a throscáin go léir daoibh, ní foláir daoibh é a dhéanamh de réir an phatrúin a thaispeánfaidh mé duit. ”

Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ”

“Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir san fhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, d'ordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.

siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí