Eaxodus 27:21An Bíobla Naofa 1981Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.” Féach an chaibidil |
Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.
Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.”