Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 27:20

An Bíobla Naofa 1981

“Tabharfaidh tú ordú do chlann Iosrael go dtabharfaidh siad duit ola ológ ghlan fháiscthe don solas i dtreo go mbeidh lampa ann le bheith ar lasadh i gcónaí.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis.

agus ola do na lampaí, spíosraí don chriosma agus don túis dhea-bholaidh,

Gréithe uile an taibearnacail, is cuma cad is feidhm dóibh, a phionnaí go léir agus pionnaí na faiche, beidh siad de chré-umha.”

agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra;

ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra,

an coinnleoir d'ór fíre lena lampaí - na lampaí a bhí le cur ann - agus lena ghréithe go léir; an ola don solas;

Tabhair an bord isteach; cóirigh a bhfuil le heagrú air, agus tabhair isteach an coinnleoir agus cóirigh a lampaí.

Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.

Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’

Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí